
Nuacht Mhall
Nuacht Mhall is podchraoladh Gaeilge a léann príomhscéalta na seachtaine go mall agus go soiléir. Tá sé dírithe ar dhaoine atá ag foghlaim na Gaeilge nó ar mhian leo an nuacht a leanúint ar luas níos éasca. Clúdaíonn sé cúrsaí reatha ó Éirinn agus ón gcoigríoch. Is é Conradh na Gaeilge i Londain a chuireann an podchraoladh le chéile. Tá sé úsáideach do phobal na Gaeilge atá ag iarraidh cleachtadh éisteachta a fháil ar an teanga.
Episodes

17 Deireadh Fómhair 2026 (Baile Átha Cliath)
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu an seachtú lá déag mé mhí Dheireadh Fómhair. Is mise Liam Ó Brádaigh.Tá an foilsitheoir, Faber, tar éis ráiteas a eisiú ag deimhniú nach mbeidh siad ábalta leabhair Sally Rooney a chur ar fáil do shiopaí leabhair sa Ríocht Aontaithe mar gheall ar an tacaíocht phoiblí a thugann Rooney don eagraíocht ‘Palestine Action’. I mí Iúil 2025,

10 Deireadh Fómhair 2026 (Tiobraid Árann)
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu an deichiú lá de mhí Dheireadh Fómhair. Is mise Gwyneth Nic Aidicín Ní Loingsigh.In Éirinn, fógraíodh Búiséad 2027 le linn na seachtaine. Deir an rialtas go bhfuil sé cóir d’oibrí, ach mheall an plean cáineadh ón bhfreasúra a deir gur theip ar an rialtas aon rud a dhéanamh ar son teaghlaigh atá ag streachailt le costais mhaireachtála.

3 Deireadh Fómhair 2026 (Gaillimh)
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu an triú lá de mhí Dheireadh Fómhair. Is mise Eoin Ó Seachnasaigh.Tar éis dóibh cluiche a chailleadh i gcoinne na Cosaive, fuair foireann sacair na hÉireann na chéad trí phointe faighte i Sraith na Náisiún Dé Domhnaigh. Cé gur éirigh leo an lámh in uachtar a fháil ar Iosrael, bua gan lúcháir a bhí ann tar éis cluiche nár cheart a imirt

26 Meán Fómhair 2026 (An Dún)
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu an séú lá is fiche de mhí Mheán Fómhair. Is mise Siubhán Nic Amhlaoibh.Cuireadh bille síos an tseachtain seo a thabharfadh saoire 20 lá do mhná atá i ndiaidh breith anabaí, agus saoire 10 lá do dhaoine atá ag dul faoi chóireáil torthúlachta. Rinne Coiste Fiontair an Oireachtais plé ar an reachtaíocht mholta Dé Céadaoin. Dúirt urlabhar

19 Meán Fómhair 2026 (An Clár)
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu an naoú lá déag de mhí Mheán Fómhair. Is mise Niall Ó Cuileagáin.Tá imní léirithe ag na comhlachtaí móra sa tionscal intleachta saorga mar gheall ar an gcumhacht atá ag an dteicneolaíocht anois. Scríobh an príomhfheidhmeannach de chuid Anthropic, Dario Amodei, aiste inar thug sé rabhadh don domhan faoindainséar a bhaineann leis an dte

12 Meán Fómhair 2026 (Ard Mhacha)
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu an dara lá déag de mhí Mheán Fómhair. Is mise Barra Mac Giolla Aoláin.D'éirigh iarUachtarán na hÉireann Máire Mhic Giolla Íosa as a ról mar chathaoirleach ar an choiste atá ag iarraidh trí eagraíocht - Cumann Lúthchleas Gael, Cumann Peil Gael na mBan agus an Cumann Camógaíochta - a thabhairt le chéile in aon eagraíocht amháin. D&#

5 Meán Fómhair 2026 (Tír Eoghain)
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu an cúigiú lá de mhí Mheán Fómhair. Is mise Niall Ó Siadhail.Anocht, beidh a troid dheireanach ag Katie Taylor, an dornálaí is rathúla i stair an spóirt in Éirinn. Beidh sí ag troid in aghaidh Flora Pili ón Fhráinc, os comhair slua de 80,000 duine i bPáirc an Chrócaigh ag deich a chlog anocht. Rugadh agus tógadh Taylor i mBré, Contae C

29 Lúnasa 2026 (Liatroim)
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu an naoú lá is fiche de mhí Lúnasa. Is mise Órla Nic Con na Búille.Gortaíodh fear agus bean ina n-ochtóidí go dona tar éis timpiste aonfheithicle ar an M50 i mBaile Átha Cliath an tseachtain seo. Tharla an timpiste ag Acomhal 10 in aice le sliosbhóthar Bhaile an Mhóta thart ar 3.20pm tráthnóna Dé Céadaoin, 26 Lúnasa. Tuariscítear gur t

22 Lúnasa 2026 (Luimneach)
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniú an dara lá fiche de mhí Lúnasa. Is mise Sibéal Dempsey.Tá treocht atá ag fás agus ag teacht chun cinn in Éirinn de thiománaithe óga ag luasghéarú ar an mótarbhealach sa treo mícheart. Is cosúil go bhfuil an treocht seo á spreagadh ag ardáin meán sóisialta ar líne, áit a bpostálann na tiománaithe físeáin díobh féin, chun aird agus aith

15 Lúnasa 2026 (Maigh Eo)
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu an cúigiú lá déag de mhí Lúnasa. Is mise Oisín Mac Conamhna.Chuir an t-athrú aeráide agus téamh domhanda isteach go mór ar an Eoraip an tseachtain seo, le breis agus céad go leith milliún duine faoi theocht de 35 céim nó níos mó Dé hAoine, agus falscaithe ar fud na hilchríche. Is iomaí teach a cailleadh i ndóiteán sa Lár-Réigiún Thiar

8 Lúnasa 2026 (Dún na nGall)
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu an t-ochtú lá de mhí Lúnasa. Is mise Alanna Ní Ghallachóir.Tá an Iaráin agus Óman tar éis teacht ar shocrú ag díriú ar chúrsa do longa frí Chaolas Hormuz, agus oíche Dé Céadaoin, bhí siad ag cur bailchríoch ar phlean chun an pasáiste a chomhbhainistiú, a dúirt urlabhraí thar ceann aireacht gnóthaí eachtracha Tehran. Ghabháil an Iaráin

1 Lúnasa 2026 (Tiobraid Árann)
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu an chéad lá de mhí Lúnasa. Is mise Gwyneth Nic Aidicín Ní Loingsigh.Tar éis seachtó cúig bliain briseadh an mhallacht a bhí ar fhoireann peile Chontae Mhaigh Eo. Tá ceiliúradh fós ar siúl ar fud an chontae beagnach seachtain ón mbua mothúchánach i gCluiche Ceannais Peile na hÉireann Dé Domhnaigh seo caite. D’imir an fhoireann in aghai

25 Iúil 2026 (Tír Eoghain)
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu an cúigiú lá is fiche de mhí Iúil. Is mise Niall Ó Siadhail. Tháinig deireadh le dhá chomórtas spóirt mór le rá Dé Domhnaigh seo caite. Sa tráthnóna, bhuaigh Luimneach Craobh Iomána na hÉireann den séú huair le naoi mbliana anuas. Bua compordach a bhí ann do Chontae an Chonartha agus agdeireadh an chluiche bhí cúl amháin agus naoi gcú

18 Iúil 2026 (Gaillimh)
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu an t-ochtú lá déag de mhí Iúil. Is mise Eoin Ó Seachnasaigh.I ndiaidh cúpla seachtain dhrámatúil i bpolaitíocht na Breataine, tá an Feisire Parlaiminte nuathofa do Makerfield, Andy Burnham,ar tí seilbh a ghlacadh ar Uimhir 10 Sráid Downing. Cé go bhfuair Burnham, a bheidh ina sheachtú Príomh-Aire ar an mBreatain le deich mbliana anuas

11 Iúil 2026 (An Dún)
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu an t-aonú lá déag de mhí Iúil. Is mise Siubhán Nic Amhlaoibh.Labhair Colm Mac Eachmharcaigh, Comhordaitheoir Tithe Folmha sa Ghaeltacht ar an chlár Adhmhaidin ar RTÉ Raidió na Gaeltachta an tseachtain seo faoin difear a dhéanfadh sé dá gcuirfí 10% de thithe folmha ar fáil do chainteoirí dúchais Gaeilge na nDéise. Agus é ag labhairt ar

4 Iúil 2026 (Ard Mhacha)
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu an ceathrú lá de mhí Iúil. Is mise Barra Mac Giolla Aoláin.Bhí deireadh seachtaine iontach peile i bPáirc an Chrócaigh agus níl fágtha anois ach ceithre fhoireann i gCraobh na hÉireann. Dé Sathairn, bhuaigh Maigh Eo ar Chorcaigh tar éis cluiche den scoth. Sa dara cluiche an lá sin, bhí an bua ag Ciarraí ar Thír Eoghain — cluiche an-sc

27 Meitheamh 2026 (Baile Átha Cliath)
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu an seachtú lá is fiche de mhí an Mheithimh. Is mise Liam Ó Brádaigh. I Veiniséala, mharaigh dhá chrith talún cumhachtach 589 duine ar a laghad agus gortaíodh beagnach 3,000. Tráthnóna Dé Céadaoin, braitheadh na creathanna talún, a thomhais 7.2 agus 7.5 ar scála Richter, ar fud an réigiúin. Tá scriosadh foirgneamh agus bóithre forleath

20 Meitheamh 2026 (Luimneach)
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniú an fichiú lá de mhí an Mheithimh. Is mise Sibéal Dempsey.Tá comhaontú ceithre phointe dhéag sínithe ag Donald Trump leis an Iaráin, ag maíomh gur thug sé “bua mór” do na Stáit Aontaithe agus gur athoscail Caolas Hormuz dá bharr. Deirtear, áfach, gur thug an margadh lamháltais shuntasacha pholaitiúla agus airgeadais don Iaráin. I measc

13 Meitheamh 2026 (Liatroim)
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.Inniu an tríú lá déag de mhí an Mheithimh. Is mise Órla Nic Con na Búille.Foilsíodh tuairisc dheiridh Choimisiún Imscrúdaithe an Oirdheiscirt an tseachtain seo maidir le líomhaintí drochúsáide gnéasaí leanaí i gcoinne Bill Kenneally. Deirtear sa tuairisc gur theip go tromchúiseach ar bheirt oifigeach sinsearach den Gharda Síochána gníomhú i

6 Meitheamh 2026 (Maigh Eo)
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu an séú lá de mhí an Mheithimh. Is mise Oisín Mac Conamhna.Scríobh Volodymyr Zelenskyy, Uachtaráin na hÚcráine, litir oscailte chuig Vladimir Putin, Uachtaráin na Rúise, an tseachtain seo, inar mhol sé cruinniú mullaigh eatarthu, i stát neodrach, chun idirbheartaíocht a dhéanamh chun deireadh a chuir leis an gcogadh idir an dá thír. Sa

30 Bealtaine 2026 (Dún na nGall)
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu an tríochadú lá de mhí Bealtaine. Is mise Alanna Ní Ghallachóir.Tá tús curtha le triail iar-cheannaire an Pháirtí Aontachtaigh Dhaonlathaigh, Jeffrey Donaldson, agus a mhná céile, i ndiaidh do bheirt bhan líomhaintí a dhéanamh go ndearna sé mí-úsáid ghnéis orthu agus iad ina bpáistí. D’inis abhcóide an ionchúisimh, Rosie Walsh KC, don

24 Bealtaine 2026 (Tiobraid Árann)
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniú an ceathrú lá is fiche de mhí na Bealtaine. Is mise Gwyneth Nic Aidicín Ní Loinsigh.Thascar Iosrael an Cabhlachán Domhanda Sumud in uiscí idirnáisiúnta arís i rith na seachtaine. Bhí 50 bád agus níos mó ná 400 gníomhaí páirteach sa chabhlachán, ag déanamh iarracht nua cúnamh a thabhairt go Gaza tar éis tascartha ó Israel ar an misean

16 Bealtaine 2026 (Gaillimh)
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu an séú lá déag de mhí na Bealtaine. Is mise Eoin Ó Seachnasaigh.Tá Príomh-Aire na Ríochta Aontaithe Keir Starmer faoi bhrú i ndiaidh seachtain dhramatiúil inar éirigh roinnt airí as an gcomh-aireacht in Westminster, iad ag rá nach bhfuil muinín acu as. Bhí sé i gcruachás mar thoradh ar na toghcháin áitiúla i Sasana inar chaill Páirtí

9 Bealtaine 2026 (Tír Eoghain)
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu an naoú lá de mhí na Bealtaine. Is mise Niall Ó Siadhail.Tá triúr marbh agus roinnt eile an-tinn i ndiaidh ráig den hantaivíreas ar long Ísiltíreach san Aigéan Atlantach. D'imigh an long ó dheisceart na hAirgintíne ar an chéad lá de mhí Aibreáin agus beagnach céad go leith duine ar bord, and d'fhág bean amháin in éineacht le c

2 Bealtaine 2026 (An Dún)
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu an dara lá de mhí na Bealtaine. Is mise Siubhán Nic Amhlaoibh.Tá Uachtarán na Stát Aontaithe Donald Trump i ndiaidh ordú a thabhairt go dtabharfar cúig mhíle saighdiúir Meiriceánach abhaile ón Ghearmáin. Rinneadh an t-ordú mar gheall ar achrann eile le comhghuaillí de chuid na Meiriceánach, nuair a cháin Seansailéir na Gearmáine Fried

25 Aibreán 2026 (Ard Mhacha)
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu an cúigiú lá is fiche de mhí Aibreáin. Is mise Barra Mac Giolla Aoláin.Tá síneadh "deiridh" curtha ag an Uachtarán Trump leis an tsos cogaidh chun deis a thabhairt don Iaráin "moladh aontaithe" síochána a chur chun cinn. Tagann an cinneadh seo i ndiaidh idirghabháil phráinneach ó cheannairí na Pacastáine in Islamab

18 Aibreán 2026 (Baile Átha Cliath)
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu an t-ochtú lá déag de mhí Aibreáin. Is mise Liam Ó Brádaigh.Tá deireadh tagtha le tréimhse 16 bliana de Viktor Orbán i gcumhacht le bua mór Peter Magyar i dtoghchán parlaiminte na hUngáire. Bhí slua níos mó ná mar a bhí riamh ann ag vótáil ar thodhchaí na tíre. In ainneoin tacaíocht láidir ó Trump agus Putin araon, theip ar Orbán tuba

11 Aibreán 2026 (Luimneach)
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniú an t-aonú lá déag de mhí Aibreáin. Is mise Sibéal Dempsey.Eagraíodh agóidí ar fud na hÉireann i gcoinne an chostais breosla atá ag ardú, agus d’éiligh roinnt agóideoirí go gcuirfeadh an rialtas uasteorainn ar phraghas an díosail agus go gcuirfí deireadh leis an gcáin charbóin. Mar thoradh ar an gcogadh sa Mheánoirthear, tá praghsanna

4 Aibreán 2026 (Tiobraid Árann)
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu an ceathrú lá de mhí Aibreáin. Is mise Gwyneth Nic Aidicín Ní Loingsigh.Tá dlí nua ceadaithe ag Iosrael a shocraíonn pionós an bháis mar phionós réamhshochraithe le haghaidh Palaistínigh ciontaithe in ionsaithe uafáis. Tharraing an dlí seo cáineadh ó dhaoine, rialtais agus eagrúcháin cearta daonna ar fud an domhain. Dúirt na Náisiúin

28 Márta 2026 (An Clár)
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu an t-ochtú lá is fiche de mhí an Mhárta. Is mise Niall Ó Cuileagáin.Tá na hIosraelaigh agus na Meiriceánaigh ag leanúint ar aghaidh leis an gcogadh san Iaráin an tseachtain seo, in ainneoin go bhfuil Caolas Hormuz fós fé smacht na hIaráine agus praghas na hola an-ard go fóill. Dhein Uachtarán Mheiriceá Donald Trump bagairt buamála i g

21 Márta 2026 (Dún na nGall)
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu an t-aonú lá ‘s fiche de mhí an Mhárta. Is mise Alanna Ní Ghallachóir.Thug Gerry Adams fáilte roimh “dheireadh láidir” ar éileamh damáiste san Ard-Chúirt i Londain, a tharraing triúr íospartach d'ionsaithe de chuid an IRA Sealadach ina choinne. Mhaígh na héilitheoirí go raibh Adams faoi dhliteanas pearsanta i leith na ngorthuithe

14 Márta 2026 (Maigh Eo)
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu an ceathrú lá déag de mhí an Mhárta. Is mise Oisín Mac Conamhna.Ta an cogadh idir Iosrael, Stáit Aontaithe Mheiriceá agus an Iaráin, fós ar siúl. Ainmníodh Mojtaba Khamenei, mac an Ayatollah Ali Khamenei a maraíodh ag tús an chogaidh, mar Ardcheannaire nua na hIaráine Dé Domhnaigh. Gortaíodh é san ionsaí a mharaigh a athair, agus níl

7 Márta 2026 (Tír Eoghain)
Inniu an seachtú lá de mhí an Mhárta. Is mise Niall Ó Siadhail.Tá leithscéal déanta ag Uachtarán na hIaráine, Masoud Pezeshkian, as ionsaithe a rinneadh ar thíortha eile timpeall Mhurascaill na Peirse agus dúirt sé nach ndéanfaí ionsaí ar thír ar bith nach bhfuil ag ionsaí na hIaráine amach anseo. Tháinig an ráiteas seo i ndiaidh seachtain de chogadh san Mheánoirthear, tar éis do Stáit Aontaithe M

28 Feabhra 2026 (Gaillimh)
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu an t-ochtú lá is fiche de mhí Feabhra. Is mise Eoin Ó Seachnasaigh.Tá sé mar aidhm anois ag Conradh na Gaeilge “gníomhú i dtreo Éire Aontaithe ar leas na Gaeilge agus na Gaeltachta” tar éis don Ard-Fheis vótáil ar son athraithe ar bhunreacht na heagraíochta. Bhí an ócáid bhliantúil ar siúl san Óstán Europa i mBéal Feirste an deireadh

21 Feabhra 2026 (An Dún)
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu an t-aonú lá is fiche de mhí Feabhra. Is mise Siubhán Nic Amhlaoibh.Gabhadh Andrew Mountbatten-Windsor as mí-iompar in oifig phoiblí an tseachtain seo. Ghabh Póilíní Ghleann na Tamaise an t-iarphrionsa ina theach cónaithe ar Eastát Sandringham in Norfolk in oirthear Shasana ag 8 a chlog maidin Déardaoin. Tá roinnt áitreabh de chuid an

14 Feabhra 2026 (Ard Mhacha)
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu an ceathrú lá déag de mhí Feabhra. Is mise Barra Mac Giolla Aoláin.Maraíodh naonúr in eachtra mhór lámhaigh in Tumbler Ridge, British Columbia Dé Máirt. Maraíodh seachtar acu i meánscoil an bhaile. Fuarthas seisear marbh sa scoil, agus fuair duine eile bás ar an bhealach chuig an ospidéal. Fuarthas beirt eile marbh i dteach sa bhaile

7 Feabhra 2026 (Baile Átha Cliath)
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu an seachtú lá de mhí Feabhra. Is mise Liam Ó Brádaigh.An tseachtain seo, d’éirigh Peter Mandelson as Páirtí an Lucht Oibre agus as Teach na dTiarnaí sa Ríocht Aontaithe mar gheall ar a chuid nasc leis an maoinitheoir péidifileach, Jeffrey Epstein. Tá na póilíní ag fiosrú líomhaintí mí-iompair in oifig phoiblí, tar éis do ríomhphoist i

31 Eanáir 2026 (Luimneach)
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu an t-aonú lá is tríocha de mhí Eanáir. Is mise Sibéal Dempsey.Tharla roinnt eachtraí a bhain le gníomhairí ICE de chuid Donald Trump an tseachtain seo. Dé Sathairn seo caite, lámhachadh agus maraíodh saoránach na Stát Aontaithe darbh ainm Alex Pretti in Minneapolis. Tá an bheirt ghníomhairí feidearálacha a bhí páirteach ann curtha ar

24 Eanáir 2026 (Maigh Eo)
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu an ceathrú lá is fiche de mhí Eanáir. Is mise Oisín Mac Conamhna.Rinne Donald Trump cúlú mór ag an bhFóram Eacnamaíoch Domhanda in Davos san Eilvéis an tseachtain seo, tar éis a bhagairtí géara an Ghraonlainn a ghabháil ón Danmhairg. Dúirt sé nach mbainfeadh sé úsáid as an bhforéigean leis an Ghraonlainn a ghabháil, in ainneoin a leid

17 Eanáir 2026 (An Clár)
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu an seachtú lá déag de mhí Eanáir. Is mise Niall Ó Cuileagáin.Tá an agóidíocht i gcoinne an réimis san Iaráin ag leanúint ar aghaidh le coicís anuas. Creidtear go bhfuil thart ar 2,000 duine marbh le linn na coicíse, idir léirsitheoirí agus daoine ó na fórsaí rialtais. Spreag Uachtarán na Stát Aontaithe, Donald Trump, na leirsitheoirí

10 Eanáir 2026 (Dún na nGall)
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu an deichiú lá de mhí Eanáir. Is mise Alanna Ní Ghallachóir.Tá Stáit Aontaithe Mheiriceá tar éis ionsaí a dhéanamh ar Veiniséala agus Uachtarán Veineséala Nicolás Maduro a ghabhadh, agus Donald Trump ag móidiú “an tír a reáchtáil” go dtí go bhfuil próiseas aistrithe cumhachta cuí i bhfeidhm. Gabhadh ceannaire Veiniséala, atá de chuid n

3 Eanáir 2026 (Tiobraid Árann)
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu an tríú lá de mhí Eanáir. Is mise Gwyneth Nic Aidicín Ní Loingsigh.Tharla tine uafásach ag cóisir chéiliúradh na hAthbhliana ag ionad sciála in Crans-Montana san Eilvéis. Maraíodh timpeall 40 duine agus gortaíodh breis is céad duine sa tine. Tá fiosrú maidir le cúis na tine fós ar siúl. Deir finnéithe go mb’fhéidir gur coinneal ar bha

27 Nollaig 2025 (Tír Eoghain)
Inniu an seachtú lá is fiche de mhí na Nollag. Is mise Niall Ó Siadhail. Tá suas le trian den phobal i gCív na hÚcráine gan teas lárnach inniu i ndiaidh baráiste drón agus diúracán ón Rúis. Maítear go bhfuil Moscó ag díriú ar shaoráidí fuinnimh agus ar bhonneagar sibhialta, fiú agus an teocht faoi bhun an reophointe. Beidh Uachtarán na hÚcráine Volodymyr Zelenskyy ag dul go Floridaamárach chun bua

20 Nollaig 2025 (Gaillimh)
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu an fichiú lá de mhí na Nollag. Is mise Eoin Ó Seachnasaigh.Maraíodh cúig dhuine dhéag, paiste deich mbliana d’aois san áireamh, in ionsaí sceimhlitheoireachta ar Thrá Bondi in Sydney na hAstráile Dé Domhnaigh seo caite. Is iad an bheirt atá ainmnithe leis an sléacht Sajid Akram, a bhí 50 bliain d’aois, agus a mhac Naveed Akram, 24 bli

13 Nollaig 2025 (An Dún)
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu an tríú lá déag de mhí na Nollag. Is mise Siubhán Nic Amhlaoibh.Tá teaghlach Patrick Rooney, an chéad leanbh a fuair bás sna Trioblóidí, le "cúiteamh suntasach" a fháil tar éis caingean dlí i gcoinne Sheirbhís Póilíní Thuaisceart Éireann as a dhúnmharú mídhleathach sa bhliain 1969. Lámhachadh Patrick, buachaill 9 mbliana d&#

6 Nollaig 2025 (Maigh Eo)
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu an séú lá de mhí na Nollag. Is mise Oisín Mac Conamhna.I Stáit Aontaithe Mheiriceá Déardaoin, thug an tAimiréal Frank Bradley fianaise don Chomhdháil faoi dhá ionsaí a rinne Cabhlach Mheiriceá ar bhád a bhí ag iompar drugaí, de réir Washington, ar an dara lá de mhí Mheán Fómhair. Scaoil siad dhá dhiúracán ar an mbád ar dtús, a bhris a

29 Samhain 2025 (Baile Átha Cliath)
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu an naoú lá is fiche de mhí na Samhna. Is mise Liam Ó Brádaigh.Tá smacht curtha ag comhraiceoirí dóiteáin Hong Cong ar thine ollmhór i gcoimpléasc árasán inar maraíodh 128 duine ar a laghad agus inar gortaíodh 70 duine. Dúirt na póilíní gur dócha gurbh é gnólacht tógála "faillíoch go mór" a bhí ag úsáid ábhar neamhshábháilte

22 Samhain 2025 (Luimneach)
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu an dara lá is fiche de mhí na Sahmna. Is mise Sibéal Dempsey.Vótáil comhairle slándála na Náisiún Aontaithe i bhfabhar rún a thacaíonn le plean Donald Trump do Gaza. Tá roinnt gnéithe sa phlean, lena n-áirítear bunú Fórsa Cobhsaíochta Idirnáisiúnta, a bhfuil roinnt tíortha gan ainm tar éis tairiscint a bheith páirteach ann. Seachas an

15 Samhain 2025 (Tír Eoghain)
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu an cúigiú lá déag de mhí na Samhna. Is mise Niall Ó Siadhail.Insealbhaíodh Catherine Connolly mar Uachtarán na hÉireann Dé Máirt, ag searmanas i Halla Naomh Pádráig taobh istigh de Chaisleán Bhaile Átha Cliath. Bhí gaolta agus cairde an Uachtaráin nua i láthair, chomh maith le ceannairí polaitiúla na hÉireann agus an triúr iarUachtará

8 Samhain 2025 (Dún na nGall)
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu an t-ochtú lá de mhí na Samhna. Is mise Alanna Ní Ghallachóir.Dúirt saoránach Éireannach a sádh agus é ar an traein go Londain gur “an nádúr a bhí ann” nuair a chuaigh sé i mbealach an ionsaitheora le paisinéirí eile a chosaint. Goineadh deichniúr san eachtra foréigin ar an traein idir Doncaster, baile in oirthuaisceart Shasana, agus

1 Samhain 2025 (An Clár)
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu an chéad lá de mhí na Samhna. Is mise Niall Ó Cuileagáin.Tá Spéirling Melissa tar éis scrios ollmhór a dhéanamh ar oileáin Mhuir Chairib an tseachtain seo, go háirithe in iardheisceart Iamáice. Bhí luas beagnach 300 ciliméadar san uair faoin ngála gaoithe nuair a tháinig sí i dtír agus í ina catagóir 5 ar dtús mar spéirling. Rinneadh

25 Deireadh Fómhair 2025 (Ard Mhacha)
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu an cúigiú lá is fiche de mhí Dheireadh Fómhair. Is mise Barra Mac Giolla Aoláin.Bhí seacht déag duine le cur os comhair cúirte Déardaoin tar éis dhá oíche foréigin ag ionad lóistín Citywest i mBaile Átha Cliath. Gabhadh 24 duine san iomlán, cúigear ógánach ina measc, le linn na n-eachtraí, nuair a caitheadh diúracáin agus tinte ealaín

18 Deireadh Fómhair 2025 (An Dún)
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu an t-ochtú lá déag de mhí Dheireadh Fómhair. Is mise Siubhán Nic Amhlaoibh.Tá an Teachta Dála Paul Murphy, ón pháirtí Pobal Seachas Brabús, ag agairt iarrthóir uachtaránachta Fhine Gael, Heather Humphreys, as clúmhilleadh. Baineann na himeachtaí, a thionscain Murphy inné, le ráitis a rinne Humphreys i ndíospóireacht ar an chlár This W

11 Deireadh Fómhair 2025 (Tiobraid Árann)
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu an t-aonú lá déag de mhí Dheireadh Fómhair. Is mise Gwyneth Nic Aidicín-Ní Loingsigh.Tá dóchas ann go mbeidh sos cogaidh buan in Gaza, tar éis vótáil ag an rialtas Iosraelach Dé hAoine chun beart sos cogaidh le Hamas a dhaingniú. Léiríonn an comhaontú céim a haon as plean fiche céim ó rialtas Stáit Aontaithe Mheiriceá chun deireadh a

4 Deireadh Fómhair 2025 (Gaillimh)
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu an ceathrú lá de mhí Dheireadh Fómhair. Is mise Eoin Ó Seachnasaigh.Tuairiscítear go ndeachaigh fórsaí míleata Iosrael ar bord chuile bhád sa gcabhlachán Sumud atá ag iarraidh soláthairtí fóirithinte a thabhairt isteach go Gaza. Is Éireannaigh iad seisear déag as thart ar 200 oibrí deonach atá gafa ag Iosrael Bhí an grúpa ilchultúrtha

27 Meán Fómhair 2025 (Maigh Eo)
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu an seachtú lá is fiche de mhí Mheán Fómhair. Is mise Oisín Mac Conamhna.Dé hAoine i Londain, caitheadh amach an cás i gcoinne Liam Óg Ó hAnnaidh, ball den ghrúpa ceoil Kneecap. Cuireadh ina leith gur thug sé tacaíocht d’eagraíocht thoirmiscthe, nuair a tháinig físeán de cheolchoirm a rinne an grúpa i Londain i mí na Samhna 2024 chun a

20 Meán Fómhair 2025 (Baile Átha Cliath)
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu an fichiú lá de mhí Mheán Fómhair. Is mise Liam Ó Brádaigh. Tá go leor daoine sa tionscal scannánaíochta agus níos faide i gcéin ag tabhairt ómós do Robert Redford, a fuair bás Dé Máirt. Tháinig an t-aisteoir agus stiúrthóir aitheanta chun cinn i róil scannán lena n-áirítear The Sting (a bhuaigh sé a chéad Oscar ina leith in 1973) But

12 Meán Fómhair 2025 (Luimneach)
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu an dara lá déag de mhí Mheán Fómhair. Is mise Sibéal Dempsey.Tá roinnt daoine mór le rá ceangailte le Jeffrey Epstein an tseachtain seo tar éis don Choiste Maoirseachta Tí íomhánna a fháil ó dhlíodóirí Epstein de leabhar gearrthóg a bronnadh ar Epstein ar a chaogadú breithlá. Tá grianghraif, sceitsí agus litreacha ó chairde sa litir.

6 Meán Fómhair 2025 (Ard Mhacha)
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu an séú lá de mhí Mheán Fómhair. Is mise Barra Mac Giolla Aoláin.Tharla drochthimpiste ar an iarnród cáblach i Liospóin Dé Céadaoin. Maraíodh seisear déag agus gortaíodh duine is fiche eile ar an Elevador da Glória i lár na cathrach, a iompraíonn turasóirí agus muintir na háite idir cearnóg lárnach, Praça dos Restauradores, agus Bairro

30 Lúnasa 2025 (Tír Eoghain)
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu an tríochadú lá de mhí Lúnasa. Is mise Niall Ó Siadhail.Tá ambasadóir na hÉireann i ndiaidh dul i dteagmháil leis na húdaráis i mBeirlín faoi ionsaí ar agóideoir Éireannach i bpríomhchathair na Gearmáine Déardaoin. Rinneadh físeáin agus pictiúir de Kitty O'Brien go forleathan ar na meáin shóisialta agus í mbun agóide le Irish Bloc

23 Lúnasa 2025 (An Clár)
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu an 23ú lá de mhí Lúnasa. Is mise Niall Ó Cuileagáin.Tharla cruinniú mullaigh idir Uachtarán na Stát Aonaithe Donald Trump agus Uachtarán na Rúise Vladimir Putin in Alasca Dé hAoine an tseachtain seo caite inar phléadar an cogadh san Úcráin agus na roghanna atá ann chun deireadh a chur leis.Cuireadh an cairpéad dearg amach do Putin agu

16 Lúnasa 2025 (Tiobraid Árann)
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniú an séú la déag de mhí Lúnasa. Is mise Gwyneth Nic Aidicín Ní Loinsigh.D’fhógair iarrthóir uachtaránachta Fíne Gael, Mairéad McGuinness, ar an Déardaoin go bhfuil sí ag tarraingt amach as an bhfeachtas Uachtaránach. Dúradh nach cinneadh éasca ab ea ann ach tar éis tréimhse san ospidéal go bhfuil a sláinte curtha chun tús aici. I ráitea

9 Lúnasa 2025 (Dún na nGall)
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu an naoú lá de mhí Lúnasa. Is mise Alanna Ní Ghallachóir.Dé Domhnaigh, fuadaíodh bean as Éirinn i Háítí agus seachtar eile in éineacht léi, leanbh trí bliana d’aois ina measc. Is í Gena Heraty, atá ina stiúrthóir i ndílleachtlann in aice le príomhchathair Háítí, Port-au-Prince, agus ar as Cathair na Mart i gContae Mhaigh Eo ó dhúchas d

2 Lúnasa 2025 (Gaillimh)
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu an dara lá de mhí Lúnasa. Is mise Eoin Ó Seachnasaigh.Tá sé fógartha ag gníomhaireacht de chuid na Náisiún Aontaithe go bhfuil 20,000 páiste tugtha isteach i Stráice Gaza le haghaidh cúram éigeandála agus iad ag fulaingt de bharr easpa bia. Tuairiscíodh freisin go bhfuil méadú suntasach ar an líon páistí áta ag fáil bháis agus an t-oc

26 Iúil 2025 (An Dún)
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu an séú lá is fiche de mhí iúil. Is mise Siubhán Nic Amhlaoibh.Fuair an t-amhránaí rac-cheoil Ozzy Osbourne bás Dé Máirt an tseachtain seo, agus é 76 bhliain d'aois. As Birmingham ó dhúchas, tá sé curtha síos dá bhanna ceoil Black Sabbath gurb iadsan a chruthaigh an seánra miotal trom, a bhuíochas le hamhráin ar nós Iron Man agus P

19 Iúil 2025 (Maigh Eo)
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu an naoú lá déag de mhí Iúil. Is mise Oisín Mac Conamhna.Tuairiscíodh sa Wall Street Journal gur scríobh Donald Trump litir bhreithlae ghraosta leath-thagairteach chuig Jeffrey Epstein, an t-airgeadaí agus péidifileach a chuir lámh ina bhás féin in 2019. Tá an tuairisc séanta ag Trump. Tá an-tacaíocht ag teoiricí comhcheilge faoi choir

12 Iúil 2025 (Baile Átha Cliath)
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu an dara lá déag de mhí Iúil. Is mise Liam Ó Brádaigh.Tháinig na deartháireacha Gallagher ar ais le chéile an tseachtain seo don chéad ceolchoirm dá gcamchuairt aontaithe. Ba é seo an chéad léiriú ó Oasis ó scar an banna sé bliana déag ó shin. Sna blianta idir an dá linn, bhí achrann cáiliúil idir na deartháireacha Gallagher agus bhí a

5 Iúil 2025 (Luimneach)
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu an cúigiú lá de mhí Iúil. Is mise Sibéal Dempsey.Bhí féile Glastonbury ar siúl an deireadh seachtaine seo caite agus bhí conspóid ann don BBC dá bharr. Cé gur shocraigh an BBC roimh ré gan leagan beo de sheó Kneecap, an grúparapcheoil Éireannach, a thaispeáint, bhí conspóid ann faoi ghrúpa eile, Bob Vylan. Chan amhránaí na beirte “bás

28 Meitheamh 2025 (Tír Eoghain)
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu an t-ochtú lá is fiche de mhí an Mheithimh. Is mise Niall ÓSiadhail.Bhí bua gan choinne ag Zohran Mamdani i dtoghchán tosaigh an Pháirtí Dhaonlathaigh le haghaidh Mhéara Nua-Eabhrac DéMáirt, nuair a fuair sé an ceann is fearr ar iarghobharnóir Stát Nua-Eabhrac Andrew Cuomo. Reáchtálfar toghchán an mhéara féin i mí na Samhna agus meast

21 Meitheamh 2025 (Ard Mhacha)
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu an t-aonú lá is fiche de mhí an Mheithimh. Is mise Barra Mac Giolla Aoláin.Leanann an cogadh idir Iosrael agus an Iaráin ar aghaidh an tseachtain seo. Rinne fórsaí Iosrael tuilleadh ionsaithe aeir ar phríomhchathair na hIaráine, Tehran, dírithe ar oirthear na cathrach. Mhol Uachtarán na Stát Aontaithe, Donald Trump, do mhuintir Tehran

14 Meitheamh 2025 (An Clár)
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu an 14ú lá de mhí an Mheithimh. Is mise Niall Ó Cuileagáin.Sheol Uachtarán na Stát Aontaithe Donald Trump comhaltaí de Gharda Náisiúnta agus de mhuirshaighdiúirí na tíre go Los Angeles an tseachtain seo chun dul i ngleic leis na hagóidí sa chathair. Dúirt Gobharnóir an Stáit, Gavin Newsom, go raibh ordú Trump mídhleathach agus gur chru

7 Meitheamh 2025 (An Dún)
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu an seachtú lá de mhí an Mheithimh. Is mise Siubhán Nic Amhlaoibh.Tá an suíomh UNESCO Sceilg Mhichíl, a bhfuil clú agus cáil air mar shampla de lonnaíocht luath-chreidimh, le hathoscailt aríst inniu, i ndiaidh conspóid dlí maidir le ceadúnais bháid a ghlacann daoine anonn agus anall ón oileán. Bíonn an t-oileán, a bhí ina shuíomh scann

31 Bealtaine 2025 (Tiobraid Árann)
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu an t-aonú lá is tríocha de mhí na Bealtaine. Is mise Gwyneth Nic Aidicín Ní Loingsigh.Leanann an t-uafás sa Phalaistín agus brú ar rialtais an domhain ag fás gach lá chun smachtbhannaí a chur ar Iosrael. Níl aon bhia ná cúnamh ag dul isteach go Gaza fós. Tá plean sos cogaidh ó Stáit Aontaithe Mheiriceá faoi bhreithniú faoi láthair, de

24 Bealtaine 2025 (Gaillimh)
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu an ceathrú lá fichead de mhí na Bealtaine. Is mise Eoin Ó Seachnasaigh.Tá gorta faoi lán seoil in Gaza. Tá sé fógartha ag ceannaire gnóthaí daonnúla na Náisiún Aontaithe, Stephen Fletcher, go bhféadfadh 14,000 páiste bás a fháil mura gcuirtear bia ar fáil dóibh láithreach. In ainneoin cáineadh forleathan ón bpobal idirnáisiúnta, níor

17 Bealtaine 2025 (Dún na nGall)
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu an seachtú lá déag de mhí na Bealtaine. Is mise Alanna Ní Ghallachóir. Cuireadh breith ar neamhní tar éis fianaise nua ADN a léiriú, agus 38 bliain caite ag fear i ngéibheann i gcás dúnmharaithe mná. Fuarthas Peter Sullivan ciontach sa bhliain 1986 maidir le dúnmharú Diane Sindall, bean óg a ndearnadh tromionsaí gnéasach uirthi agus

10 Bealtaine 2025 (Maigh Eo)
Inniu an deichiú lá de mhí na Bealtaine. Is mise Oisín Mac Conamhna.Toghadh Robert Prevost mar Pápa Leo a Ceathair Déag, ag an gceathrú vóta de chomhthionóil na gcairdinéal sa Séipéal Sistíneach sa Róimh Déardaoin. Is eisean an dá chéad seachtó seachtú Pápa ó Pheadar. Is as Chicago dó, an chéad Phápa as na Stáit Aontaithe, agus chaith sé cuid mhór dá shaol i bPeiriú. Rinne an Pápa Proinsias easpag

3 Bealtaine 2025 (Baile Átha Cliath)
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu an tríú lá de mhí na Bealtaine. Is mise Liam Ó Brádaigh. Sa Spáinn, leantar le himscrúduithe ar cad ba chúis le gearradh cumhachta tubaisteach an tseachtain seo, ceann de na bristeacha leictreachais is mó san Eoraip riamh. De réir anailísithe, thit an mhinicíocht ar eangach leictreachais na Spáinne go tobann, rud a chuir tús le múchad

26 Aibreán 2025 (Luimneach)
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu an séú lá fiche de mhí Aibreán. Is mise Sibéal Dempsey.Fuair an Pápa Proinsias bás Dé Luain de bharr stróc agus cliseadh croí, tar éis dó a bheith thíos le tinneas riospráide den chuid is mó den bhliain seo. Glacadh isteach san ospidéal éden chéad uair ar an gceathrú lá déag de mhí Feabhra mar gheall ar thinneas a d’fhorbair ina niúmó

19 Aibreán 2025 (Tír Eoghain)
Inniu an naoú lá déag de mhí Aibreáin. Is mise Niall Ó Siadhail.Tá sé ráite ag Uachtarán na Rúise Vladimir Putin inniu go mbeidh sos cogaidh ann go dtí deireadh Dhomhnach na Cásca, agus go bhfuil sé ag súil go ndéanfaidh an Úcráin an rud céanna. Bhí muintir na hÚcráine amhrasach faoin fhógairt, áfach, ós rud é go bhfuil a lán sos cogaidh briste ag na Rúisigh ó bhí 2014 ann. Tá an scéal amuigh go b

12 Aibreán 2025 (An Clár)
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu an dara lá déag de mhí Aibreáin. Is mise Niall Ó Cuileagáin.Bhí an stocmhargadh ina chíor thuathail an tseachtain seo tar éis fhógra Donald Trump go mbeadh taraifí á ngearradh ag na Stáit Aontaithe ar earraí ó thíortha ar fud na cruinne. Bhí eagla ag infheisteoirí go gcuirfeadh na taraifí tús le cogadh trádála agus, dá bharr san, le c











